|
|
||
|
17ú haois Rugadh Dáibhí Ó Bruadair i gCorcaí timpeall na bliana 1625. Chaith sé cuid mhaith dá shaol i gCo. Luimnigh. Scríobh sé faoi stair na hÉireann agus bhí suim mhór aige sa pholaitíócht. Ghoill céim síos an léinn agus na bhfilí go mór air. Chaoin sé céim síos na nGael ina chuid filíochta. Sa bhliain 1674 chaill sé a shaibhreas agus bhí sé beo bocht nuair a fuair sé bás sa bhliain 1698. Scríobh sé na dánta "Caithréim Phádraig Sáirséal" agus " Mairg Ná Fuil 'na Dhubhthuata".
|
||